dcsimg

Cachtas ( Irish )

provided by wikipedia GA

Clann an-mhór plandaí, i réigiúin loiscneacha de réir cineáil, ach a fhaightear i ngnáthóga eile. Dúchasach don Domhan Úr. Sa Seandomhan tá spuirsí atá an-chosúil le cachtais. An-chuid saghsanna atá éagsúil i méid, cruth is a n-oiriúniú dá gcomhshaol. Iad go léir súmhar agus stórálann siad uisce, uaireanta sna fréamhacha ach de ghnáth i ngais bhorrtha cosúil le bairillí. Is féidir le cuid acu borradh nó crapadh, ag brath ar thoirt an uisce iontu. Bíonn an planda in ann maireachtáil ar feadh blianta gan bháisteach. Leathrúil le cneas céiriúil. Go minic bíonn fairsinge an dromchla laghdaithe oiread agus is féidir de bharr an planda a bheith sféarúil. Go minic bíonn sé clúdaithe le spíonta a chosnaíonn ó ainmhithe é. A bhláthanna mór feiceálach, agus pailnítear iad ag beacha, seabhacleamhain, dordéin is ialtóga. Na bláthanna a phailnítear de lá (ag éin), bíonn siad dearg is buí, gan bholadh. Iad sin a phailnítear istoíche bán den chuid is mó, le boladh atá láidir, uaireanta gránna. Na torthaí méith, uaireanta inite.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA