Féileacán mór is ea an aimiréal dearg (Vanessa atalanta) a fhaightear go forleathan sa leathsféar thuaidh. An taobh uachtarach de na sciatháin dubh le bandaí scarlóideacha agus paistí bána is gorma. Faightear na cruimheanna go minic ar neantóga. Fanann sé san áit chéanna i rith an gheimhridh.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.