Aon cheann de dhá chineál plandaí ilbhliantúla le fréamhacha ramhra atá dúchasach do thuaisceart Mheiriceá is an Áise. Ríosómach. Na duilleoga bosach, na bláthanna cúigphiotalach scothbhuí/glas, na torthaí cruinn dearg. Deirtear gur afraidíseach í agus go bhfuil gníomhaíochtaí míochaine is athbhríocha ag na fréamhacha mionaithe. Coitianta mar fhorábhar athbhríoch is cothaithe, agus moltar í i gcásanna tuirse is fadhbanna néaróg, duán is croí. Léiríonn anailís cheimiceach go bhfuil sraith gliocaisídí inti a bhriseann síos ina siúcraí a fhéadfaidh an córas imdhíonach a neartú. Tá comhábhair eile inti, hormóin is vitimíní a chuidíonn le téachtadh na fola is na fíocháin a chosaint i gcoinne an phróiseas aoisithe.