Gné mamach le 6 speiceas, ina measc na camaill a fhaightear ó thuaisceart na hAfraice go dtí an Mhongóil, agus an láma, an t-alpaca, an guanácó is an viciúine sna hAindéis. Iad uile artadachtaileach (crúbach, le ré-uimhir méar). A siúl neamhchoitianta: gluaiseann na cosa clé le chéile is ansin na cosa deasa le chéile. Cúplálann siad ina luí. An liopa uachtarach scoilte. An t-aon mhamach le cealla dearga fola atá ubhchruthach (in ionad a bheith cruinn).