Galar casta biatas siúcra. Víris is bun leis, víreas buíonna eorna agus/nó víreas éadrom buíonna eorna. Scaipeann aifidí na víris. Buítear na duilleoga agus cuirtear bac ar na soithigh fléim, ionas nach féidir leis na siúcraí aistriú go dtí na fréamhacha. Mar thoradh laghdaítear go mór ar an mbarr, go mór mór má tharlaíonn an t-ionfhabhtú go luath sa séasúr fáis. Is féidir an galar a chloí le sprae feithidicídeach ach é a fheidhmiú roimh theacht na bhfeithidí.