dcsimg

Bactris ( Irish )

provided by wikipedia GA

Is géineas de phailmeacha spíonacha é Bactris, atá dúchasach i Mheicsiceo Theas agus i Mheiriceá Láir agus sa Mhuir Chairib. Is crainn bheaga iad an chuid is mó de na speicis thart ar 2 mhéadar ar airde, ach is crainn mhóra iad cuid acu agus is toir le gais faoi thalamh cinn eile. Tá comhdhuillí simplí nó cleiteacha acu agus torthaí buí, dearga nó corcra-dubh. Tá an ghéineas gaolmhar go dlúth le roinnt pailmeacha spíonacha - Acrocomia, Aiphanes, Astrocaryum agus Desmoncus. Tá torthaí roinnt speiceas inite, go háirithe B. gasipaes, agus úsáidtear cinn eile ó thaobh sláinte de nó le haghaidh tógála.

Creidtear gur tháinig sinsear an ghéineas isteach i Meiriceá Theas le linn na tréimhse cailcí déanaí . Fuair William Baker agus Thomas Couvreur amach go raibh Bactris ar cheann de shé ghéineas pailme a thaispeáin na rátaí speiceasaithe is airde.

Cur síos

Is iondúil go gclúdaítear na gais agus na duilleoga de speicis Bactris le spíní. Go ginearálta bíonn spíní ar idirnóidacha na ngas; i B. glaucescens agus B. setulosa cíonn spíní i láthair ar na nóid freisin. Ní bhíonn spíní ar ghais roinnt de na speicis.Tá duilleoga spíonacha ag gach speiceas; is minic a bhíonn na spíní cnuasaithe ar an pheitín nó ar an droimín. I roinnt speiceas eile ní fhaightear fhaightear spíní ach amháin ar bharra na nduillíní. [1] :

Tacsanomaíocht

Tagairtí

  1. Henderson (2000). "Bactris (Palmae)". Flora Neotropica 79: 1–181.

license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA

Bactris: Brief Summary ( Irish )