Ciaróg théagartha, gealdaite go minic. Iteoirí dromchlacha ar dhuilleoga plandaí a bhformhór. Maidir leis an larbha, a bhíonn cosúil le cruimh, itheann sé ar dhuilleoga nó tochlaíonn isteach i mbachlóga is fréamhacha. I measc na saghsanna tá ciaróg Colorado.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.