dcsimg

Cíocáid ( Irish )

provided by wikipedia GA

Gimnispeirm thrópaiceach nó fhothrópaiceach, cosúil le pailm. An stoc gan ghéaga de ghnáth, armúrtha le seanbhuin duilleog nó iarmhair cosúil le coilm, le coróin duilleog crua cleiteach. Na bláthanna iompartha ar chóin scoite fhireanna is bhaineanna, agus na cóin bhaineanna an-mhór. Tuigtear gurb iad na gimnispeirmeacha na plandaí síl beo is ársa dá bhfuil ann, a tháinig chun cinn déanach sa ré Phailéasóch. Meastar go bhfuil gaol acu le raithneach síl, grúpa plandaí iontaisithe a bhí ceannasach sa tréimhse Thriasach. Fásann na stoic go mall, agus bíonn smúsach mór stáirseach ina gcroíleacáin a tháirgeann ság i gcuid de na speicis.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA