dcsimg

Frog saigheadnimhe ( Irish )

provided by wikipedia GA

Frog caol atá dúchasach do Mheiriceá Láir is Theas. Gealdaite go minic. Áitríonn sé coillearnach. Beireann sé uibheacha ar an talamh, agus iompraíonn na froig fhásta na torbáin go dtí an t-uisce. An craiceann an-nimhiúil. Cuimlíonn na bundúchasaigh a reanna saighde le craiceann froig bheo chun iad a nimhiú le haghaidh seilge. Tá roinnt buaf i Meiriceá Theas freisin a dtugtar buafa saigheadnimhe orthu.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA